Is iomaí uair a smaoinigh sé ar imeacht go Meiriceá ach ansin thosaigh sé ag saothrú sa bhaile. Bhí daoine muinteartha thall aige. Bhí cleamhnas dúbailte sa teaghlach aige, deirfiúr dena athair pósta ar dheartháir dena mháthair agus bhí siad ina gcónaí amuigh ansin. Níor phill siad ar ais ach phill cuid den chlann.